Ar nós bailte beaga eile ar fud na tíre tá Baile an Fheirtearaigh fé bhrú eacnamaíochta agus é ag cailliúint seirbhísí tábhachtacha. Dúnadh an oifig an phoist roinnt mhaith blianta ó shin agus níl aon gharda lán aimseartha i láthair ar an mbaile a thuilleadh. Trí shiopa ar fad a dhún a ndoirse tharais na mblianta chomh maith le siopa a bhí i dTigh Bhric ar an Riasc atá beal dorais leis an mBuailtín. Siopa Gala a bhí ag Muintir Lubhaing agus An Cat Dubh a bhí ag Muintir Uí hUallacháin an dá cheann deireanach a dhún a ndoirse i mbliana. Ainneoin an chomortais os na hollmhargaí móra agus an brú eacnamaíochta atá ar gnónna beaga lasmuigh de na bailte móra tá lanúin óg pósta ag oscailt siopa nua ar an mBuailtín. I sean siopa Louis Mulcahy a lonnófar an siopa seo. Tá Colm agus Nikki O Connor, a muintir is a gcairde ag obair lá is oíche chun an siopa, Siopa an Bhuailtín, a bheith ullamh le hoscailt tús na míosa seo chugainn. Labhramar leo fé’n bhfiontar seo agus an dúshlán atá rompu.